Réamhrá faoin gCreat TFC
Cuireann an Creat TFC cur chuige struchtúrtha maidir le TFC a úsáid i gcuraclam agus measúnacht ar fáil do scoileanna trí na cineálacha foghlama le TFC (lena n-áirítear eolas, scileanna agus dearcaí) a aithint atá cuí do dhaltaí le linn na tréimhse d'oideachas éigeantach. Ní réimse curaclaim nó siollabas é an Creat TFC. Níl sé curtha ar fáil mar ní breise a bhaineann le teagasc agus foghlaim; is uirlis é chun cabhrú le múinteoirí TFC a chomhtháthú le teagasc agus foghlaim. Tugann an Creat treoir do mhúinteoirí faoi conas TFC a leabú i gcuraclam agus measúnacht trasna ábhair an churaclaim. Is Creat cumasaithe é.
Tá an Creat bunaithe ar an gcreideamh gur féidir le TFC luach a chur le teagasc agus foghlaim nuair a úsáidtear é ar bhealach a bhfuil cuspóir leis agus le hacmhainní cuí. Úsáidfear an Creat TFC ar bhealaí éagsúla i scoileanna éagsúla ag brath ar raon fachtóirí scoile lena n-áirítear rochtain ar threalamh agus acmhainní TFC, inniúlacht agus muinín múinteoirí i ndáil le TFC agus leibhéal agus céim phleanála na scoile do TFC i gcuraclam agus measúnacht.
Tá an Creat TFC eagraithe i gceithre réimse idirghaolmhara d'fhoghlaim le TFC ag trí leibhéal dul chun cinn (bunscoil íseal go deireadh na Sraithe Sóisearaí). Tá an Creat TFC foilsithe ar an láithreán gréasáin seo. Is codanna príomhúla den Chreat TFC ar líne iad cuspóirí, torthaí foghlama, deiseanna foghlama agus gníomhaíochtaí samplacha:
- déanann cuspóirí cur síos ar na ceithre réimse laistigh den chreat.
- aithníonn torthaí foghlama an t-eolas, na scileanna agus na dearcaí a bheartaítear go mbeidh daltaí in ann a léiriú do na ceithre réimse.
- léiríonn deiseanna foghlama na cineálacha gníomhaíochtaí a dhéanann daltaí trasna na dtorthaí foghlama do na trí leibhéal.
- léiríonn gníomhaíochtaí samplacha conas a úsáideann múinteoirí agus daltaí an Creat TFC i scoileanna.
I ndáiríre, tá sé mar aidhm ag an gCreat TFC cabhrú le scoileanna litearthacht TFC daltaí a fhorbairt trí úsáidí TFC a chur chun cinn a chuireann feabhas ar theagasc agus foghlaim i gcuraclam na bunscoile agus na sraithe sóisearaí.
Tá faisnéis faoin gCreat TFC ar fáil as Gaeilge agus as Béarla. Mar sin féin, tá na gníomhaíochtaí samplacha a bhaineann leis an gCreat TFC curtha i láthair sa teanga inar bailíodh iad.

